12,000 post cruthaithe ag Cuideachtaí Fhiontraíocht Éireann

De réir GTC Riarachán

Fógraíodh go bhfuil méadú beagnach 12,000 ar ghlanfhostaíocht ag cuideachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann in 2021. Ba é seo an méadú bliantúil is airde ar ghlanfhostaíocht a thuairiscigh Fiontraíocht Éireann.

Bhí 68% de na poist nua a cruthaíodh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, le méaduithe i ngach réigiún den tír. Tháinig méadú 9% ar an Iarthuaisceart le méadú 7% san Iardheisceart.

Chruthaigh cuideachtaí a fuair tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann 20,432 post nua san iomlán agus shroich an fhostaíocht iomlán 207,894.

Chonacthas an méadú ar fhostaíocht i ngach earnáil, agus tuairiscíodh fás eisceachtúil i roinnt earnálacha. Bhí méadú 14 faoin gcéad sna hEolaíochtaí Beatha, tháinig méadú 12 faoin gcéad ar Sheirbhísí Gnó agus teicneolaíocht dhigiteach méadú 10 faoin gcéad ar phoist.

Miondealú réigiúnach ar fhás fostaíochta 2021:

Méadú Ar Fhostaíocht Réigiúin                                                                           
Baile Átha Cliath 66,704 7%
An Meánoirthear 20,426 4%
Lár Tíre 11,416 4%
An tIarthar Láir 24,312 5%
An tOirthuaisceart 18,606 5%
An tIarthuaisceart 6,797 9%
Deisceart 24,962 5%
An tOirdheisceart 20,003 7%
An tIarthar 14,668 9%

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhiontraíocht Éireann, Leo Clancy:

"Tá Fiontraíocht Éireann ag obair le gnólachtaí ar fud na tíre chun a chinntiú gur féidir leo téarnamh go tapa ó thionchar Covid-19 agus leanúint de bheith ag oiriúnú don chaidreamh trádála nua leis an Ríocht Aontaithe. Tá sé an-tábhachtach agus is díol sásaimh é fás post a fheiceáil i ngach príomhearnáil eacnamaíoch agus i ngach réigiún.

"Beimid ag díriú go mór ar chabhrú lenár gcliaint tuilleadh fáis a bhaint amach mar thoradh ar na deiseanna suntasacha a bhaineann le geilleagar domhanda atá ag teacht chun cinn ar mhaithe le gach pobal in Éirinn."

Dúirt an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar, TD:

"Tá os cionn 200,000 duine ag obair anois i gcliantchuideachtaí de chuid Fhiontraíocht Éireann. Sin beagnach an oiread daoine atá ag obair d'ilnáisiúnaigh. Is iontach an rud é go bhfuil cuideachtaí onnmhairithe éireannacha ag feidhmiú chomh láidir anuraidh agus d'ainneoin an chur isteach ar thrádáil de bharr Brexit agus na paindéime. Tháinig méadú beagnach 12,000 ar an bhfostaíocht.

"Tá áthas ar leith orm gur tharla fás post i ngach réigiún agus go raibh beagnach 70% d'fhás post nua ag tarlú lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus fás an-láidir san iarthuaisceart agus san oirdheisceart. Is léiriú seach-ghnáth é seo agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann Fhiontraíocht Éireann as a gcuid oibre iontach sa bhliain atá imithe. Táimid go maith ar ár mbealach chun ár sprioc a bhaint amach go mbeidh 2.5m duine ag obair in Éirinn faoi 2024".

Sheol Fiontraíocht Éireann a straitéis nua trí bliana freisin, dar teideal'Leading In A Changing World.'

Leagtar amach sa straitéis sprioc uaillmhianach chun 45,000 post a chruthú sna trí bliana amach romhainn, rud a mhéadaíonn onnmhairí cliantchuideachtaí Fhiontraíocht Éireann go €30bn.

Preasráiteas Bunaidh Fiontraíocht Éireann – https://www.enterprise-ireland.com/en/News/PressReleases/