Baill
S'iad ár mbaill bun agus barr Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe!
Is eiceachóras rathúil é Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe a dtugann líonra maith d'ár mbaill chun cabhair a thabhairt leis an phróiseas forbartha. Tá pobal Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe déanta suas de ghrúpaí éagsúla do chomhlachtaí dúchasacha teicneolaíocht agus comhlachtaí teicneolaíochta idirnáisiúnta atá ag fás go tapaidh ag bunú anseo in Iarthar na hÉireann
Cogency
Cogency Is comhairleacht straitéiseach cumarsáide agus margaíochta í a chuireann abhcóide agus tacaíocht ar fáil do chliaint ar fud na hÉireann. I measc ár seirbhísí tá caidreamh poiblí (PR), straitéis chumarsáide, gnóthaí poiblí agus caidreamh rialtais, cruthú ábhair, straitéis margaíochta digití, bainistíocht na meán sóisialta, blagáil chomh maith le hoiliúint sna meáin agus tacaíochtaí oiliúna eile.
Computacenter
Is comhpháirtí teicneolaíochta neamhspleách ceannródaíoch é Computacenter a bhfuil muinín ag eagraíochtaí móra agus poiblí as. Tacaíonn siad le custaiméirí i mbreis agus 70 tír ar fud an domhain. Soláthraíonn siad réitigh struchtúrtha agus acmhainní saineolaithe chun cabhrú lena gcustaiméirí teicneolaíocht dhigiteach a roghnú, a imlonnú agus a chomhtháthú chun a gcuid spriocanna a bhaint amach. Computacenter bonneagar agus oibríochtaí TF a chothabháil, a thacú agus a bhainistiú dá gcustaiméirí chun cáilíocht agus solúbthacht a fheabhsú agus costais a laghdú ag an am céanna.
Corribpoint
Seachadíonn CorribPoint réiteach rialála comhlíonadh san fhearann frith-sciúradh airgid don tionscal seirbhíse airgeadais. Tá ana chuid taithí ag an bhfoireann i dtaobh seirbhísí airgeadais, rialachán airgeadais, agus seachadadh réiteach fiontraíoch TF. B’iad CorribPoint a dhéan forbairt ar Akula, córas é seo atá bunaithe ar feidhmclár néalríomhaireachta uathoibrithe Ardchóras Móibíleach Aimsiúcháin(AML) rud a chumsaíonn eagraíochtaí seirbhíse airgeadeais buaileah lena gcuid dualgais rialála faoi reachtaíocht an AE. Eisíodh Akula amach ar an margadh i mí Meitheamh 2019.
DigitalEdge
Seachadaíonn Digital Edge, dearadh gréasán a spreagfaidh, a nascaidh agus a ndéanfaidh athrú ar do mhargadh teicniúla, seirbhísí margaíocht dhigiteach a ndéanfaidh leathnú ar do fheasacht branda, do chostasaí a laghdú agus custaméirí a bhrú i dtreo rud éigint a cheannach agus taithí teicneolaíochta a seachadaíonn timpeallacht idirghníomhach, slán agus iontaofa. Le níos mó ná 15 bliana de taithí futhu, tá DigitalEdge paiseanta fé slite nua a aimsiú d’úsáid teicneolaíochta a cabhraíonn le fás do ghnó agus taithí do chustaiméir a fheabhsú
EnGIS
Is cuideachta forbartha bogearraí ceannródaíoch é EnGIS Technologies, Inc. a sholáthraíonn
réitigh bogearraí préimhe ar an margadh mótarfheithiclí domhanda. Tá raon táirgí EnGIS ar fáil i níos mó ná 90 tír le cliaint lena n-áirítear Automakers, soláthraithe Sraith a hAon agus cuideachtaí teicneolaíochta ó thionscail leictreonaice feithicleach agus tomhaltóra. Trí nuálaíocht agus dúthracht gan staonadh, d'fhorbair EnGIS cáil láidir as teicneolaíocht cheannródaíoch a sholáthar atá tógtha ar chúl inneall bogearraí lárnach cruthaithe a sheachadann taithí úsáideora den chéad scoth. Soláthraíonn EnGIS a bhogearraí trí ardáin éagsúla ó chórais leabaithe infheithicle, feidhmchláir mhóibíleacha, gléasanna nasctha, agus seirbhísí néalbhunaithe. Comhpháirtithe EnGIS le príomhsholáthróirí sonraí léarscáile agus seirbhísí sonraí ar fud an domhain chun an mhapáil is cruinne agus is reatha a sholáthar dá chustaiméirí. Geallann EnGIS a gcuideachta a fhorbairt go leanúnach chun teicneolaíochtaí nua a luathú agus chun freastal níos fearr ar a gcuid custaiméirí.Ezenka
Is comhairleacht taighde úsáideora muid, ag seachadadh léargais taighde úsáideora tuisceanach, pragmatach. Cabhraímid le foirne táirgí agus seirbhísí tuiscint a fháil ar na rudaí atá deacair a choincheapú. Déanaimid gníomhaíochtaí taighde a dhearadh go cruthaitheach a dhéanann iniúchadh modheolaíoch ar spásanna casta fadhbanna agus rialacháin phríobháideachta á gcomhlíonadh go hiomlán, ansin léargais a sheachadadh go héifeachtach agus, dár gcliaint, gan iarracht. Cuirimid ár saineolas ábhair ar fáil freisin trí chúrsaí oiliúna corparáideacha agus poiblí, agus seirbhísí comhairleoireachta, ag cabhrú le tacair scileanna, inniúlachtaí agus cleachtais dearthóirí, taighdeoirí agus daoine táirgí a ardú ar fud an domhain. Cuirimid ár gcuid oibre ar fáil i mBéarla nó i bhFraincis, go cianda, go pearsanta nó cumaisc.
FCS Corporate Services
Is Soláthróir neamhspléach Rialachas Corporáideach agus soláthróir comhlachta comhlíonadh rúnaíochta é FCS Corporate Services Limited. Tá siad údaraithe ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais chun gníomhú mar Soláthróir Seirbhíse Iontaobhais agus Comhlachta. Bíonn FCS Services ag speisialtóireacht i dtacaíocht a thabhairt dos na h-Úinéirí agus Stiúirthóirí Comhlachta agus ag déanamh cinnte go bhfuil siad ag comhlíonadh na ndualgaisí dlí, rialála agus dea-chleachtas.
Hillwalk Tours
I 2009 bhunaigh James Byrne Hillwalk Tours, comhlacht digiteach turasóireachta a cruthaíonn taithí féin-treoiraithe siúlóireacht solúbtha in Éirinn, Sasana, Alban, an Breatain Bheag agus an Spáinn. Úsáideann an foireann ilteangach Hillwalk Tours, córas bogearra saincheaptha ar a glaotar, ‘TOMAS’, chun bealaí taistil suimiúla cruthú do dhaoine gur mian leo taiscéal a dhéanamh ar tíortha nua ar chois. Chomh maith le sin, oibríonn an foireann go dlúth le Leabaí is Bricfeastaí ard-chaighdéanach agus soláthraithe sna tíortha sin chun cinntiú go mbíonn na taithí go gcruthaíonn siad, compordach, nach mbíonn aon fadhbanna i gceist agus an rud is tabhachtaí ná go mbaintear sásamh astu. Le 25 duine fostaithe, tá lorg-coise suntasach ag an gcomhlacht anois sá spás turasóireachta digiteach, go háirithe sna Stáit Aontaithe, an Ghearmáin agus an Ísiltír.
Antares Vision
“Is iad Antares Vision atá amuigh chun tosaigh ag stiúriú an phróiséis tairgí a cosaint tríd timthriall na beatha le réiteachtaí Bainistiú Sonraí Cliste agus Scrúdú, Rianú & Lorg cuimsithe a soláthrú. Is é an rogha nádúrtha do don chuid is mó dos na tionscal déine ach tá Antares Vision is bhfad níos mó ná soláthraí teicneolaíochta. Tugann muid rathaíocht go mbeidh táirge ionraca agus trédhearcacht ó ceann le ceann ag do shlabhra an tsoláthair chun luach breise uathúil a cruthú: muinín iomlán ó do chuid custaiméirí.”
Armour Interactive
An Ghníomhaireacht Dhigiteach ag obair lena gcliaint chun táirgí digiteacha den scoth a dhearadh agus a thógáil a mhéadaíonn ioncam agus a bhaineann fás easpónantúil amach dá ngnólachtaí. Cruthaíonn siad feidhmchlár gréasáin saincheaptha, dírithe ar úsáideoirí agus aipeanna móibíleacha óna dteach nua i mBaile an Bhriotaigh, Gaillimh.
Connacht Accountancy
Gnólacht de Cúntasóirí Deimhnithe Cairte é Connacht Accountancy ag chuir seirbhís ar fáil do chliaint tríd an Ghaillimh agus na contaetha mórthimpeall. Is gnólacht neamhspléach iad Connacht Accountancy ina bhfuil taithí fairsing agus saineolas acu i ngach réimse den cleachtas cuntasaíochta.
EmployAbility Galway
Is seirbhís fostaíochta é EmployAbility Galway do dhaoine le míchumais, deacrachtaí meabhairshláinte, agus daoine atá ag athshlánú ó breoiteacht nó gortú. An aidhm atá acu ná cabhair a thabhairt do dhaoine fostaíocht oiriúnach a fháil agus é a choinneáil. Chuireann siad meantóireacht aonarach ar fáil freisin agus tugann siad tacaíocht practiciúl do dhaoine a cabhraíonn leo agus iad ag cuardach postanna mar aon le tacaíocht a thabhairt dóibh agus iad fostaithe. Trí próifíliú leathaine agus ag cinntiú go bhfuil an bpost ceart, chuireann EmployAbility earcaíocht éifeachtúil ar fáil, ag chur comhionannas agus ionchuimsiú chun cinn thar na earnáil ar fad.
HID Global
Tá ceanncheathrú HID Global, lonnaithe in Austin, Texas, le níos mó ná 3,000 fostaithe acu ar fud an domhan agus oifigí idirnáisiúnta á fheidhmiú a dtugann tacaíocht i níos mó ná 100 tír. Is Branda de chuid an ghrúpa ASSA ABLOY é HID Global®. Tá HID Global paiseanta faoi cúnamh a thabhairt do dhaoine aitheantas fíoraithe agus iontaofa a n-úsáid ionas go mbeidh sé níos áisiúla agus níos sábháilte dóibh dul aon áit go bhfuil orthu imeacht agus pé rud gur mian uathu a dhéanamh sa gnáthshaol a bhaint amach. Úsáideann daoine táirgí HID chuile lá chun doirse a n-oscailt, líonra digiteach a rochtain, suaitheantas a dhéanamh níos pearasnta, idirbheartaíocht a fíorú, eolas a fháil, sócmhainní a rianú agus nascadh le daoine eile – ag déanamh cinnte go glacfar leis na haitheantas gan fadhb aon áit, aon uair.
- 1
- 2