Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Fógraíonn an tAire Humphreys sraith mórthionscadal chun tacú le Cianobair

Tionscnamh Rialtais chun tacú le Cianobair:

Is é príomhchuspóir ghlao na Mol Nasctha tacú le forbairt an Líonra Náisiúnta Mol agus é a chomhlánú, ar príomhghníomhaíocht é den Bheartas Forbartha Tuaithe - Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann agus an Straitéis Náisiúnta Cianoibre - Cianobair a Dhéanamh. Tá sé mar aidhm ag glao na Mol Nasctha acmhainn bhreise a chur leis an mbonneagar cianoibre atá ann cheana in Éirinn trí na moil agus na Pointí Nasctha Leathanbhanda (PNLanna) atá ann cheana a uasghrádú, agus leanúint de thacaíocht a thabhairt do bhearta maolaithe COVID-19.

Tabharfaidh an Glao ar Mhoil Nasctha deis d'úinéirí, d'oibreoirí agus do bhainisteoirí na saoráidí cianoibre atá ann cheana agus do BCPanna a réitigh féin a shainaithint agus a fhorbairt i gcomhairle le húdaráis áitiúla, le leasanna gnó áitiúla (e.g. Comhlachais Tráchtála), Le Foirne Baile (nó le comhlachtaí comhchosúla) agus le grúpaí pobail de réir mar is cuí.

Ní mór d'iarratasóirí a bheith ina BPPanna nó ina moil atá ann cheana (is féidir leo a léiriú go bhfuil siad ag feidhmiú mar mhol cianoibre ar feadh 6 mhí). Ní mór do mhoil atá ann cheana gné éigin d'áiseanna cianoibre a chur ar fáil cheana féin. Ní cheanglaítear ar BCPanna saoráidí cianoibre a chur ar fáil cheana féin ach ba cheart go mbeadh gné éigin de spás cianoibre á fhorbairt agus níl feidhm ag an gceanglas 6 mhí maidir le PNLanna.

Spriocdháta d'Iarratais – 6pm an 4 Aibreán 2022.

Tuilleadh eolais 👇

https://www.gov.ie/en/service/16b47-connected-hubs-fund/?referrer=http://www.gov.ie/en/service/c5849b-rural-funding/?section=connected-hubs-fund